lundi 19 mars 2018

'An Béal Bocht le Myles na gCopaleen (Louis de Paor, Club Leabhar, 2012)


Gaelchultúr Teoranta | Ajoutée le 28 août 2012
______________________________________

mercredi 14 mars 2018

Liam O'Flynn (145-2018): Laoi na Píbe le Saoi na Píbe.




___________________________________

Tá Raidió na Gaeltachta curtha go dtí cúl na scuaine ag RTÉ arís, ach an ndéanfaidh lucht na Gaeilge aon rud faoi? Eoin Ó Murchú (Tuairisc)

Tá Raidió na Gaeltachta curtha go dtí cúl na scuaine ag RTÉ arís, ach an ndéanfaidh lucht na Gaeilge aon rud faoi?
B’fhéidir gur ‘socrú sealadach’ atá sna ciorruithe is déanaí ar sceideal Raidió na Gaeltachta, ach cuid de pholasaí fadtéarmach ag RTÉ iad chomh maith
Tuairisc, Márta 14 2018

"Bunaíodh RnaG ar dtús mar gheall ar an agóid leanúnach a rinne Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta ag tús na seachtóidí. Ghéill an rialtas don agóid, ach ba dhrogallach a ghlac RTÉ an cúram orthu féin, cé go raibh siad meáite nach mbeadh aon eagraíocht neamhspleách ann. Ó lá a bhunaithe, ámh  – le huaireanta teoranta craolta – d’éirigh le bainistíocht agus foireann an stáisiúin brú a chur ar na húdaráis chun breis uaireanta a chloig craolta a fháil, chun tuilleadh daoine a earcú agus chun feabhas a chur ar an tseirbhís. Throid RTÉ in aghaidh gach céim den dul chun cinn sin."
_____________________________
AGUS...
Méabh Ní Thuathaláin, TuairiscMárta 13 2018
____________________________

lundi 12 mars 2018

‘Friedrich Nietzsche: Saol agus Smaointeachas’ le Diarmuid Ó Gráinne


‘Friedrich Nietzsche: 
Saol agus Smaointeachas’ 
le Diarmuid Ó Gráinne 
Coiscéim, 1997
Litríocht €6.34

Tá nócha bliain ann i mbliana ó foilsíodh Ecce Homo Friedrich Nietzsche, ocht mbliana tar éis don údar féin bás a fháil. Sa bheathaisnéis gearr seo cuireann Diarmuid Ó Gráinne (comheagarthóir An Fhealsúnacht agus an tSíceolaíocht [Coiscéim 1993] smaointeachas agus cúlra an fhealsaimh os ár gcomhair.
__________

“Ba shíceolaí Nietzsche chomh maith le bheith ina fháidh fealsúnta. Bhí sé frithShócraiteach, toisc gur chuir Sócraitéas béim ar an réasún. B’é an fealsamh réamhShócraiteach, Hearaiclítéas, a rogha. Mar sin, roghnaigh sé Diníosas in áit Apolló, an taghd cruthaitheachta in áit an réasúin. Ní hiontas go raibh col ar leth aige le scoláirí a chaith a gcuid ama ag scríobh faoi thuairimí a bhí oibrithe amach ag daoine eile. Dhearc sé orthu mar chluanairí meata, a bhí lán formaid agus éada, nach raibh sé de mhisneach iontu briseadh amach thar bhallaí na hollscoile, agus an saol a fheiceáil mar a bhí. Ní hiontas gur mhol Nietzsche an saol faoin aer, agus is minic a dúirt nár chóir iontaoibh a chur i smaoineamh ar bith nach dtagann chugainn sna sléibhte faoin aer folláin. […] Ba dhíol trua an duine nua-aoiseach, dar leis, feithid bhocht éidreorach nár chuir an iomarca stró air féin faoi rud ar bith, a raibh lá crua oibre thar a acmhainn, a raibh an tseirbhís féin thar a chumas cluanach, spreas díbheo a bhí coillte go hintleachtúil, go fisiciúil agus go spioradálta.”
(‘Friedrich Nietzsche: Saol agus Smaointeachas’ le Diarmuid Ó Gráinne, Coiscéim, 1997, leath. 17,18.)