dimanche 22 octobre 2017

Tomás Mac Síomóin: Ceachtanna ón gCatalóin


Ceachtanna Ón gCatalóin
Teanga i ngleic le nualiobrálachas
Tomás Mac Síomóin
Coiscéim 2005
Litríocht €6.00

"Tá an Chatalóinis á labhairt ag beagnach aon mhilliún déag daoine faoi láthair. Tar éis bac iomlán a bheith ar an teanga faoi dheachtóireacht Franco, tá sí in uachtar anois i gcúrsaí rialtais, oideachais agus cultúir na Catalóine.
Fós féin, tá an teanga i mbaol dar le saineolaithe teanga sa tír. Tá cumhacht na Spáinnise, inimirce mhór Spáinniseoirí agus an idé-eolaíocht nualiobrálach ag bagairt uirthi.
Sa phaimfléad seo pléitear údair imní na saineolaithe seo. Déantar cur síos gearr ach cuimsitheach ar stair agus staid reatha na Catalóinise. Tá an-chuid ábhar machnaimh do lucht an Gaeilge anseo freisin."
_____________________________
An Tionscadal 
Tomás Mac Síomóin 
Coiscéim 2007
Litríocht €7.50
Nuair a bhaineann Daithí Ó Gallchóir sráidbhaile iargúlta na Catalóine amach, níl aon súil aige leis an bpobal neamhchoitianta atá ina gcónaí ann. Ná leis an rún is cúis leis an neamhchoitiantacht seo.

Céard  é an rún seo atá caomhnaithe ag an bpobal óna shinsir i leith? An mbeidh scil bleachtaireachta Daithí in ann é a aimsiú? Agus má aimsíonn, nach mór an spéis a bheadh ag a chomhlacht in earra a d’fhéadfadh tús a chur le réabhlóid úr i saol an chine dhaonna?

Úrscéal neamhghnách eile ó údar nach drogall leis tabhairt faoi cheisteanna móra na linne.

Bronnadh an chéad duais ar an saothar i gcomórtas na n-úrscéal liteartha in Oireachtas 2006. 

‘Ta úire agus indibhidiúlacht ann’, a dúirt moltóir amháin.  ‘Téann an t-údar i ngleic le cuid mhór téamaí nach gnáth a ionsaí i litríocht na Gaeilge.’ ‘Éiríonn leis an údar garraí gabhainn an réalachais a réabadh trí ghníomh ollchumadóireachta nó meitificsean a chruthú agus a sheoladh go séimh faoin léitheoir', dar le moltóir eile. ‘Is úrscéal suntasach tábhachtach é seo a chuirfidh cor sa gcumadóireacht liteartha Ghaeilge…’

File agus úrscéalaí aitheanta is ea Tomás Mac Síomóin (B.Á.C, 1938). Dochtúireacht ó Ollscoil Cornell, (S.A.M.) aige, tréimhsí caite aige mar thaighdeoir eolaíochta, léachtóir ollscoile, iriseoir, mar eagarthóir ar Anois is ar Comhar is mar aistritheoir liteartha. Cónaíonn agus saothraíonn sé sa gCatalóin. 

_____________________________
21 Dán - 21 Poemes - 21 Poemas 
 Tomás Mac Síomóin 
Coiscéim 2010 
€20
"63 dán i ndáiríre atá sa leabhar seo. Ach is iad na dánta céanna iad i dtrí theanga. 21 Dán i nGaeilge. 21 Dán i Spáinnish, 21 Dán i gCatalóinis. Tá na leathanaigh laistigh maisithe go gleoite le léaráidí ó Karen Dietrich (www.karendietrich.com). "Má éiríonn leis an saothar seo droichead beag a thógáil idir domhan na Gaeilge agus lucht labhartha na Catalóinise agus na Spáinnise, aireoidh mé gurbh fhiú go mór an iarracht"  
_______________________