vendredi 27 octobre 2017

Glaschu agus Rèabhlaid na Ruise. 
Sealladh Harry McShane (1978).
A’ Ghàidhlig le Tòmas MacAilpein (2017).
Litreachas a' chlas-obrach air a thrusadh, 
agus air a chur ann an Gàidhlig

Dhomhsa, b’ e an strì an aghaidh a’ chogaidh a bu chudromaiche do na sòisealaich. Bha mi a’ cur taic ris a’ ghluasad ghnìomhachail, ach dh’fheumte seasamh ri uabhas a’ chogaidh an toiseach: bha sinn a’ guidhe agus beò an dòchas gun rachadh againn air iomairt a chruthachadh a chuireadh stad air. Thug strì Iain MhicGhillEathain togail cridhe dhuinn; agus nuair a chaidh sgrìobhainn Zimmerwald a chur an clò a-rithist ann am Breatann, anns an tàinig Lenin agus càch a-mach an aghaidh a’ chogaidh, bha ar dòchas air a dhùsgadh às ùr. Cha robh sinne, ge-tà, ach ag amas air crìoch a chur air a’ chogadh. Cha tàinig e a-steach oirnn rèabhlaid a thogail a-mach às a’ chogadh. Dh’atharraich Rèabhlaid na Ruise ar saoghal gu lèir.
________________________

Leagan aipe d’fhoclóirí Uí Dhónaill agus de Bhaldraithe ar fáil anois

Leagan aipe d’fhoclóirí Uí Dhónaill agus de Bhaldraithe ar fáil anois
Tá leaganacha digitithe d’fhoclóirí móra na Gaeilge ar fáil mar aip
Maitiú Ó Coimín
TUAIRISC, Deireadh Fómhair 27 2017

Tá leaganacha digitithe d’fhoclóirí móra na Gaeilge ar fáil mar aip

Tá leagan aipe d’Fhoclóir Uí Dhónaill, Foclóir de Bhaldraithe, An Foclóir Beag, An Bunachar Gramadaí agus an Bunachar Foghraíochta anois ar fáil ar an Apple Store agus ar an Play Store.

Leagan aipe den suíomh Teanglann.ie atá i gceist agus na leaganacha digitithe d’fhoclóirí móra na Gaeilge a réitíodh don suíomh idirlín ar fáil anois go héasca i bpóca an úsáideora.

Is féidir na trí fhoclóir a íoslódáil in éineacht leis an mBunachar Gramadaí agus an Bunachar foghraíochta, nó is féidir an aip a shaincheapadh de réir riachtanais an úsáideora agus rogha de na cúig áis a íoslódáil ceann ar ceann.
_______________________

dimanche 22 octobre 2017

Tomás Mac Síomóin: Ceachtanna ón gCatalóin


Ceachtanna Ón gCatalóin
Teanga i ngleic le nualiobrálachas
Tomás Mac Síomóin
Coiscéim 2005
Litríocht €6.00

"Tá an Chatalóinis á labhairt ag beagnach aon mhilliún déag daoine faoi láthair. Tar éis bac iomlán a bheith ar an teanga faoi dheachtóireacht Franco, tá sí in uachtar anois i gcúrsaí rialtais, oideachais agus cultúir na Catalóine.
Fós féin, tá an teanga i mbaol dar le saineolaithe teanga sa tír. Tá cumhacht na Spáinnise, inimirce mhór Spáinniseoirí agus an idé-eolaíocht nualiobrálach ag bagairt uirthi.
Sa phaimfléad seo pléitear údair imní na saineolaithe seo. Déantar cur síos gearr ach cuimsitheach ar stair agus staid reatha na Catalóinise. Tá an-chuid ábhar machnaimh do lucht an Gaeilge anseo freisin."
_____________________________
An Tionscadal 
Tomás Mac Síomóin 
Coiscéim 2007
Litríocht €7.50
Nuair a bhaineann Daithí Ó Gallchóir sráidbhaile iargúlta na Catalóine amach, níl aon súil aige leis an bpobal neamhchoitianta atá ina gcónaí ann. Ná leis an rún is cúis leis an neamhchoitiantacht seo.

Céard  é an rún seo atá caomhnaithe ag an bpobal óna shinsir i leith? An mbeidh scil bleachtaireachta Daithí in ann é a aimsiú? Agus má aimsíonn, nach mór an spéis a bheadh ag a chomhlacht in earra a d’fhéadfadh tús a chur le réabhlóid úr i saol an chine dhaonna?

Úrscéal neamhghnách eile ó údar nach drogall leis tabhairt faoi cheisteanna móra na linne.

Bronnadh an chéad duais ar an saothar i gcomórtas na n-úrscéal liteartha in Oireachtas 2006. 

‘Ta úire agus indibhidiúlacht ann’, a dúirt moltóir amháin.  ‘Téann an t-údar i ngleic le cuid mhór téamaí nach gnáth a ionsaí i litríocht na Gaeilge.’ ‘Éiríonn leis an údar garraí gabhainn an réalachais a réabadh trí ghníomh ollchumadóireachta nó meitificsean a chruthú agus a sheoladh go séimh faoin léitheoir', dar le moltóir eile. ‘Is úrscéal suntasach tábhachtach é seo a chuirfidh cor sa gcumadóireacht liteartha Ghaeilge…’

File agus úrscéalaí aitheanta is ea Tomás Mac Síomóin (B.Á.C, 1938). Dochtúireacht ó Ollscoil Cornell, (S.A.M.) aige, tréimhsí caite aige mar thaighdeoir eolaíochta, léachtóir ollscoile, iriseoir, mar eagarthóir ar Anois is ar Comhar is mar aistritheoir liteartha. Cónaíonn agus saothraíonn sé sa gCatalóin. 

_____________________________
21 Dán - 21 Poemes - 21 Poemas 
 Tomás Mac Síomóin 
Coiscéim 2010 
€20
"63 dán i ndáiríre atá sa leabhar seo. Ach is iad na dánta céanna iad i dtrí theanga. 21 Dán i nGaeilge. 21 Dán i Spáinnish, 21 Dán i gCatalóinis. Tá na leathanaigh laistigh maisithe go gleoite le léaráidí ó Karen Dietrich (www.karendietrich.com). "Má éiríonn leis an saothar seo droichead beag a thógáil idir domhan na Gaeilge agus lucht labhartha na Catalóinise agus na Spáinnise, aireoidh mé gurbh fhiú go mór an iarracht"  
_______________________

samedi 14 octobre 2017

Damhna Dorcha: caint ag Meanmanra 2016


Damhna Dorcha: caint ag Meanmanra 2016
| Scott Oser | Ajoutée le 8 déc. 2016
“Seo caint a thugas ag an gcomhdháil Meanmanra 2016 ar an 19ú Samhain 2016.  Taifeadadh an chaint le linn dom a thabhairt, agus tá scannán déanta desna sleamhnáin agus an taifead.”
______________________________

vendredi 13 octobre 2017

IOHANNES Ó ÉIRINN AGUS MÁISTRÍ NA GRÉIGE: Léamh ar Shaothar Iohannes Scottus Eriugena le Eoghan Mac Aogáin

IOHANNES Ó ÉIRINN 
AGUS 
MÁISTRÍ NA GRÉIGE: 
Léamh ar Shaothar Iohannes Scottus Eriugena
le Eoghan Mac Aogáin
“Anois, agus é [Iohannes Scottus Eriugena] ag plé le Teacht Amach na cruthaíochta, dearbhaíonn sé seanról Bhriathar Dé a bhí fós beo i gCríostaíocht an oirthir, mar chaomhnóir agus rialtóir na cruthaíochta go léir. Inniu féin, tá Íosa Críost Rialtóir an uile Ní, ‘Iésous Christos o Pantokratór’ ar na híomhánna is mó a scarann thoir agus thiar na Críostaíochta. [...] Is beag glacadh a bhí riamh leis an íomhá chosmach seo d’Íosa san iarthar. De réir mar a d’imigh an Chríostaíocht siar, leagadh béim níos mó ar dhaonnacht Íosa agus cailleadh an coincheap de Bhriathar Dé mar fhórsa leanúnach a choiníonn rudaí mar atá. D’fhan na foirmlí focal - mar atá siad i dtús shoiscéal Naomh Eóin, abair - ach is léamh lag, meafarach a bhí á dhéanamh orthu de réir a chéile. I scríbhinní Iohannes, áfach, is ionann Briathar Dé agus Cúis an Uile Ní.” ('Iohannes Ó Éirinn agus Máistrí na Gréige: Léamh ar Shaothar Iohannes Scottus Eriugena' le Eoghan Mac Aogáin, Coiscéim, 2009, leath.181)
___________________________
Sna cúig imleabhar dá mhórshaothar Periphyseon (Mar Gheall ar Nádúir) chuir Iohannes Scottus Eriugena (c. 810-875) cuntas ciclipéideach le chéile ar gach dá bhfuil ann: dúile dofheicthe na fisice, mionstruchtúir anatamaíochta na colainne, feidhmiú na gcéadfaí, struchtúr na hintinne, iompar an duine, rothlú na spéartha, ordlathas na n-aingeal, agus an diacht. Scáthán is ea an dúlra, a dúirt sé, ina bhfeictear íomhá den intinn, agus scáthán is ea an intinn ina bhfeictear íomhá de Dhia.

Tá an scéal ar fad inste anseo ag Eoghan Mac Aogáin bunaithe ar aistriúcháin atá déanta aige ar shraith de théacsanna le Iohannes agus leis na húdair is mó a chuaigh i bhfeidhm air: na hAithreacha Gréagacha Greagóir Nyssa, Dinísias an tAiréapagach, agus Maximus an Coinfeasóir, agus an t-oideachasóir Rómhánach Martianus Capella. Díríonn Mac Aogáin aird an léitheora ar na buntéamaí Nua-Phlatónach atá le fáil i saothar Iohannes, ar na hiarsmai láidre den seamanachas atá le brath ar an láimhseáil a dhein sé orthu, agus ar an aeisteitic gan sárú a dhein sé díobh araon in Periphyseon. Agus léiríonn sé an tábhacht atá fós leis an seasamh neamhghnáthach a ghlac sé sa choimhlint idir thoir agus thiar na Críostaíochta.
"An-leabhar é seo ar dhá chúis: a léannta agus atá an cur síos agus an anailís ar fhealsúnacht agus ar dhiacht Eriugena, agus a ghreanta agus atá an stíl phróis, go háirithe an t-aistriúchán ar bhriathra Eriugena féin." (Donnchadh Ó Corráin)
"- Stair intleachtúil a linne - Johannes Scottus Eriugena, c. 810-875 - agus a shaothar, go háirithe ag cúirt an rí Chairilínsigh, Séarlas Maol. 
- Cuntas tríd is tríd den smaointeoireacht ar bun meafair (mar ba dhúil don fhealsúnacht scolaíoch). 
- Cur síos ar an scoilt idir oirthear (an Ghréig) agus iarthar na Críostaíochta ag an am. 
- An Chríostaíocht Ghréagach. Na naisc leis an manachas in Éirinn ag an am agus roimh-ré. I gcomhthéacs an mhanachais aiséitigh seo tá plé an-suimiúil ar fad ag an údar faoin cúlra a bhí le seo: dar leis, tréith thábhachtach den domhan réamh-liteartha a bhí a rian air fós i saol an 8ú chéid ná an seamanachas (‘shamanism’ i mBéarla). Táim an-ghafa ar fad leis an leabhar seo. Tá an oiread sin ábhar machnaimh ann."  (Fionn Murtagh)
Coiscéim 2009 €12
Litríocht.com
_______________________________

mardi 10 octobre 2017

‘Ní coirpigh muid, nílimid as ár meabhair’ – fógra neamhspleáchais na Catalóine curtha siar ag Puigdemont (Tuairisc)

‘Ní coirpigh muid, nílimid as ár meabhair’ – fógra neamhspleáchais na Catalóine curtha siar ag Puigdemont.
Maitiú Ó CoimínTuairisc  
(Dé Máirt, Deireadh Fómhair 10 2017)

Tá fógra oifigiúil neamhspleáchas na Catalóine curtha ar athlá ag uachtarán na tíre Carles Puigdemont ar mhaithe le tuilleadh cainte agus comhrá le rialtas Madrid faoi phróiseas síochánta leis an neamhspleáchas a bhaint amach.

Dúirt Puigdemont i bparlaimint na Catalóine inniu gur “stát neamhspleách” a theastaíonn ó mhuintir na Catalóine agus gur léiríodh an mhian sin i reifreann na seachtaine seo caite.

“D’éirigh leis an bhfeachtas ar son an neamhspleáchais, ainneoin go raibh orainn troid in aghaidh an fhoréigin. Bhí an vóta ar a shon níos mó ná an vóta ina aghaidh,” a dúirt an t-uachtarán.

Dúirt sé, áfach, go molann rialtas na Catalóine “go gcuirfí ar athlá iarmhairtí fhógra an neamhspleáchais go ceann cúpla seachtain chun comhráite a thosú”.
_________________

lundi 9 octobre 2017

Imbolc 2017 – Ruadhán Mac Cormaic


Is iar-chomhfhreagraí dlí agus iar-chomhfhreagraí Pháras é Ruadhán Mac Cormaic leis an Irish Times. Anois is Comhfhreagraí Gnóthaí Eachtracha an nuachtáin é.

Le déanaí foilsíodh an chéad leabhar dá chuid, The Supreme Court, a bhfuil ard-mholadh á thabhairt dó.

‘A wonderful book … a superb book and it’s not just for people interested in law; it tells you a lot about Ireland‘ Vincent Browne, TV3

‘Mac Cormaic quite brilliantly tells the story … balanced, perceptive and fair … a major contribution to public understanding‘ Donncha O’Connell, Ollamh le Dlí, NUIG, Dublin Review of Books
_______________________

samedi 7 octobre 2017

Tá náire ar chuid mhaith de bhunaíocht na tíre seo go bhfuil neamhspleáchas ar bith againn (Eoin Ó Murchú, Tuairisc)

Tá náire ar chuid mhaith de bhunaíocht na tíre seo go bhfuil neamhspleáchas ar bith againn

Eoin Ó Murchú 
Tuairisc (Deireadh Fómhair 7 2017)

Ba cheart dúinn tacaíocht a thabhairt do neamhspleáchas na Catalóine. Ar deireadh thiar is tábhachtaí agus is dlisteanaí toil mhuintir na Catalóine ná aon dlí a bhrúitear orthu ón taobh amuigh.

Tá rialtas réigiúnach na Catalóine ar tí neamhspleáchas na tíre sin ón Spáinn a fhógairt i ndiaidh reifreann inar thug 92% díobh siúd a vótáil tacaíocht don fhógairt.

Deir an rialtas s’againne, ámh, nach dtabharfaidh siad aitheantas don bhfógra toisc go raibh an reifreann ‘mídhleathach’ faoi dhlí is bunreacht na Spáinne.


B’fhéidir gurbh fhiú don rialtas seo, a thogh an 32ú Dáil, cuimhneamh gur fhógair na Sasanaigh go raibh an chéad Dáil i 1919 ‘mídhleathach’ freisin.

__________________________