mercredi 27 mai 2015

Agallamh le Tomás Mac Con Iomaire

FÍSEÁN: Agallamh le Tomás Mac Con Iomaire a mbronnfar Buaicghradam Cumarsáide an Oireachtais air.
Bronnfar Buaicghradam Cumarsáide 2015 ar Thomás Mac an Iomaire ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais asa Ghaillimh. Labhair sé le Tuairisc.ie faoina shaol iriseoireachta.
Sean Ó Mainnín
Dé hAoine, Bealtaine 22 2015

HG Wells: Cogadh na Reann


lundi 11 mai 2015

Tá an Rialtas agus lucht ‘TÁ’ ag iarraidh an dubh a chur ina gheal orainn…

Tá an Rialtas agus lucht ‘TÁ’ ag iarraidh an dubh a chur ina gheal orainn…
Is í an chúis a ndéantar cúram de phósadh fir le bean a chosaint ná gurb é an pósadh an foras daonna is bunúsaí, a deir duine amháin atá ina bhall de ‘Mothers and Fathers Matter’

Pól Ó Meadhra
Dé Luain, Bealtaine 11 2015

I gceann tamall beag, beidh Reifreann againn faoi leasú radacach ar Bhunreacht na hÉireann. Maíonn an Rialtas agus an feachtas ar son an reifrinn, feachtas atá thar a bheith éadulangach, nach bhfuil i gceist ach athrú beag simplí. Is oth liom a rá gurb é a mhalairt ar fad atá fíor.

An chuid den Bhunreacht atáthar ag iarraidh orainn a leasú, is é Alt 41 é. Is é ‘An Teaghlach’ an teideal atá air sin, agus is mar seo a ghabhann codanna de:

Airteagal 41.1.1° Admhaíonn an Stát gurb é an Teaghlach is buíonaonad príomha bunaidh don chomhdhaonnacht de réir nádúir, agus gur foras morálta é ag a bhfuil cearta doshannta dochloíte is ársa agus is airde ná aon reacht daonna.

Airteagal 41.3.1° Ós ar an bPósadh atá an Teaghlach bunaithe gabhann an Stát air féin coimirce faoi leith a dhéanamh ar ord an phósta agus é a chosaint ar ionsaí.

Is í an chúis a ndéantar cúram de phósadh fir le bean a chosaint ná gurb é an pósadh an foras daonna is bunúsaí, is sine agus is tábhachtaí dá bhfuil ann. Is ón bhfear cuid de thréithe an fhorais sin, tréithe nach gnách a bheith sa bhean, agus is ón mbean tréithe eile sa phósadh, tréithe nach gnách a bheith san fhear. Is ar na tréithe agus na láidreachtaí sin atá an comhshaol nádúrtha bunaithe, agus is é rud is cuspóir dóibh páistí a thógáil, le tacaíocht, le grá agus le seasmhacht. Tá sé ag luí le ciall gur mar sin atá, agus is é taithí na nglúine riamh anall é.

Tá an Rialtas agus lucht ‘TÁ’ ag iarraidh an dubh a chur ina gheal orainn, agus ag éileamh mar ‘cheart daonna’ go ndéanfaí dearmad ar chearta agus ar leas an pháiste, agus ina n-ionad sin mianta daoine fásta áirithe sa phobal a shásamh. Is é an leasú atá uathu siúd: ‘Féadfaidh beirt, gan beann ar a ngnéas, conradh pósta a dhéanamh de réir dlí.’ Bhainfeadh sé sin an bonn ó Airteagal 41. Is mian leosan a chur ina luí orainne nach bhfuil tréithe ar leith sa bhean nó san fhear, nach bhfuil aon difríocht idir an dá ghnéas, nó gur cuma faoi na difríochtaí. Den chéad uair riamh i stair na tíre, beidh páistí áirithe ann gan athair nó gan mháthair, agus é sin d’aon ghnó, de réir mianta daoine fásta. Is mar sin a bheidh de réir an Bhunreachta, má ghlacaimidne leis. Sin é an áit a bhfuil an dalladh á dhéanamh ar dhaoine, maidir leis an gcomhionannas de.

Tá sé ráite go forleathan faoi dhaoine atá i mbun feachtais i gcoinne an reifrinn seo, nó fiú faoi dhaoine atá ag smaoineamh ar vótáil ‘NÍL’, gur biogóidí iad. Ba pholaiteoir aitheanta an duine is déanaí leis an téarma contúirteach seo a úsáid. Éadulaingt ó bhonn aníos atá sa reitric sin. Is cuid den éadulaingt sin na céadta póstaeir ‘NÍL’ a bheith á mbaint anuas go mídhleathach, fud fad na tíre, agus na bagairtí nimhneacha a bhítear a dhéanamh ar ghníomhairí ‘NÍL’. Ní hamhlaidh atá díospóireacht ó na cinsirí sin; de réir na hidé-eolaíochta atá ag tiomáint an turgnaimh shóisialta seo, níl aon cheist faoi. Tá an leasú á lorg acu, agus sin sin! Níl an Taoiseach féin sásta díospóireacht a dhéanamh ar an ábhar. Sampla maith eile den éadulaingt agus den chúlaigeantacht sin Cumann Ionadaíochta an Gharda Síochána a bheith ag tathaint ar a gcuid ball vótáil leis, taitníodh sé leo, nó ná taitníodh!

An scéal is measa agus is truamhéalaí atá cloiste agam fós, is scéal é faoi ghirseach óg dhá bhliain déag d’aois. Tá baint ag an ngirseach sin le club óige i lár Bhaile Átha Cliath. Is amhlaidh a thug ceannaire an chlub suaitheantais ‘TÁ’ le caitheamh do gach ball den chlub a bhí i láthair, ach níor thug sé cead dóibh diúltú. Dhiúltaigh an ghirseach cróga sin agus a cara an suaitheantas a chaitheamh; is é rud nár aontaigh siad le teachtaireacht an tsuaitheantais. Rinne gach duine a bhí i láthair fonóid fúthu, na ceannairí ina measc! Cuireadh i leith na gcréatúr go raibh siad cúlaigeantach amaideach. Rinneadh fonóid faoina gcreideamh fiú. Is é an rud is tromchúisí faoi, áfac,h nach bhfuil an club sin ach ag leanúint an tsampla atá á thabhairt ag daoine eile, polaiteoirí mór le rá ina measc. Is girseacha óga neamhurchóideacha atá thíos leis sa chás seo.

Má ghlactar leis an reifreann seo, is iad páistí na tíre a bheidh thíos leis, agus is in olcas a rachaidh an éadulaingt ghránna sin. Déarfaidh an Bunreacht linn nach bhfuil aon mhaitheas ar leith ag baint le grá agus cúram na máthar, ná le grá agus cúram na n-athar, ach oiread. Thairis sin beidh an éadulaingt mar chuid de dhlí na tíre. Sampla dá bhfuil romhainn, má ghlacaimid leis, tá sé i ráiteas a thug an Taoiseach le déanaí, nuair a thug seisean le fios nach mbeadh an dara rogha ag scoileanna Caitliceacha ach a bheith ag múineadh do leanaí faoin saghas sin pósta, agus mura ndéanfaidís amhlaidh, go gcuirfí pionós orthu. Tá sampla ó na Sé Chontae againn den chos ar bolg atá á imirt ar Daniel McArthur ó Asher’s Bakery i gCo. Aontroma. Cuimhnímis ar an scéal sin, scéal an ghirsigh sa chlub óige agus ar scéalta eile agus sinn ag vótáil ar an 22 Bealtaine.

Mar fhocal scoir, a léitheoir, beidh cinneadh an-tábhachtach á dhéanamh go gairid a bhaineann le leas nó le haimhleas na tíre seo againne agus páistí na tíre seo againne. Déanaimis an cinneadh ceart ar son na cothroime agus an chomhionannais.

_______________________
Tá dhá alt fealsúnta ar an ábhar le fáil anseo:


_______________________
     

dimanche 10 mai 2015

TUAIRISC Ó LONDAIN: Na caomhaigh caithréimeach ach cúrsa corraitheach le cur díobh

TUAIRISC Ó LONDAIN: 
Na caomhaigh caithréimeach ach cúrsa corraitheach le cur díobh
Ainneoin bhua na gCaomhach, nó dá bharr b’fhéidir, 
tá cuimse fadhbanna ag bagairt ar rialtas aonpháirtí nua na Breataine

Cathal Mac Coille
Dé Domhnaigh, Bealtaine 10 2015

Chuir vótóirí na Breataine deireadh le ré ghairid chomhrialtais Déardaoin. Ach ba ghéar a mbreithiúnas, ní hamháin ar mhionpháirtí an chomhrialtais ach ar an bhfreasúra leis, le cabhair an chórais éagothroim vótála. [...] Albain: bearna pholaitiúil. Ní raibh an bhearna idir príomhthíortha an Ríocht Aontaithe chomh soiléir le 300 bliain. Níl ach feisire amháin as Albain araon ag príomh-phairtithe Westminster. Thogh muintir na hAlban 56 feisire atá glan in aghaidh na síordhéine a gheall Cameron, agus ar vótáil móramh Sasanach ina fhabhar.

_______________

lundi 4 mai 2015

Margadh polaitíochta don Bhreatain tar éis na vótála Déardaoin – tuairisc ó Mhanchester

Margadh polaitíochta don Bhreatain tar éis na vótála Déardaoin 
– tuairisc ó Mhanchester
Fearacht cheannairí na bpáirtithe i Teach Laighean, níl David Cameron ná Ed Miliband toilteanach a admháil go mbeidh margadh iar-thoghcháin riachtanach. Ach beidh mura dtarlaíonn míorúilt, dar lenár gcolúnaí agus é ag tuairisciú as cathair Mhanachain sa Bhreatain

Cathal Mac Coille
Dé Domhnaigh, Bealtaine 3 2015

Is léir do gach vótoir anseo an fhírinne. Teastaíonn 326 suíochán i Westminster chun rialtas aonpháirtí a bhunú. Níor foilsíodh oiread agus pobalbhreith amháin le sé mhí anuas a thug le fios go raibh seans ag na Caomhaigh ná ag an lucht Oibre os cionn 300 suíochán a ghnóthú.

________________

AGALLAMH le Gáidhlig TV: ‘An bhfuil ár ndream féin ag brú an Bhéarla orainn? Tá.’

AGALLAMH le Gáidhlig TV: 
‘An bhfuil ár ndream féin ag brú 
an Bhéarla orainn? Tá.’
Labhair Tuairisc.ie le Liza Storey ó Gáidhlig TV, feachtas atá bunaithe in Albain in aghaidh ró-úsáid an Bhéarla agus easpa fotheidil Gháidhlig ar BBC Alba

Maitiú Ó Coimín
Déardaoin, Aibreán 30 2015

Tá feachtas ar bun in Albain le tamall de mhíonna anuas in aghaidh ró-úsáid an Bhéarla agus easpa fotheidil Gháidhlig ar chláracha a chraoltar ar BBC Alba – an stáisiún Gáidhlig sa tír sin. Chuir cúigear déag ón ngrúpa Gáidhlig TV a n-ainm le litir chuig cathaoirleach BBC Alba, Magaidh Chuineagan, an tseachtain seo caite, inar léiríodh a mbuairt faoin treo a bhfuil an stáisiún ag gabháil agus an dochar atá á dhéanamh don Gháidhlig.
________________